Is é MetroLink an infheistíocht aonair is mó i mbonneagar iompair a rinneadh i stair an Stáit agus tá sé mar chuid de chóras iompair comhtháite do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath (MCBÁC). Áirítear leis an gcóras seo chomh maith BusConnects agus DART+, agus cuimsítear iad seo uile faoi Thionscadal Éireann 2040. Beidh córas iompair phoiblí iontaofa inbhuanaithe inacmhainne comhtháite mar thoradh ar na tionscadail seo i dteannta a chéile a thacóidh leis an ngeilleagar, a chabhróidh le hÉirinn a spriocanna athraithe aeráide a shásamh ar aon dul leis an bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide (an CAP) 2021 agus cathair níos inchónaithe agus níos inbhuanaithe a dhéanamh de Bhaile Átha Cliath. Cé gur cuid ríthábhachtach den chóras iompair comhtháite a bheartaítear é MetroLink do MCBÁC, is tionscadal aonair é nach bhfuil ag brath ar aon tionscadail eile dá sholáthar ná dá oibriú éifeachtach.
Bhí páirt lárnach ag an togra do chóras meitreo do Bhaile Átha Cliath i straitéis pleanála agus iompair do MCBÁC le breis agus 20 bliain anuas. Tháinig Tionscadal MetroLink a bheartaítear chun cinn ón iarthogra mar fhreagairt do bheartas pleanála agus iompair a fhorbairt agus chun dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh Bhaile Átha Cliath agus Éirinn inniu agus a bheidh rompu amach anseo. Tacaítear leis an ngá atá le Tionscadal MetroLink a bheartaítear sa bheartas reatha ar leibhéal náisiúnta anuas go leibhéal áitiúil agus cuirtear an méid seo a leanas san áireamh ann;