Déanfaimid cur síos sna míreanna thíos ar an mbealach, tabharfaimid roinnt dul chun cinn a rinne an dearadh ó 2019 agus roinnt de na hathruithe níos suntasaí a cuireadh i bhfeidhm chun solais.
Is féidir leat cliceáil ar na boscaí thíos leis an gcur síos ar an mbealach a fhairsingiú, a rinneadh a dheighilt ina cheithre stráice.
Tosaíonn an bealach ag stáisiún cinn aistir an Inbhir, ina bhfuil carrchlós 3,000 spás ilstórach Páirceála agus Taistil chun comaitéirí a mhealladh ó limistéar máguaird i bhfad níos fairsinge feadh mhótarbhealach an M1 agus Sheanbhóhar Bhéal Feirste, an R132 agus ó na ceantair máguaird.
Freastalaíonn Stáisiún an Inbhir ar chrios forbartha amach anseo a cheadóidh don tithíocht forbairt ar bhealach comhtháite timpeall ar áis Páirceála agus Taistil an stáisiúin. Feidhmeoidh Bóthar Dáileacháin an Iarthair i Sord, atá díreach lastuaidh den stáisiún, nasc ríthábhachtach ó iarthuaisceart Shoird go dtí an stáisiún.
Tá láthair stáisiún an Inbhir agus an láthair a tugadh le fios ní ba luaithe mar an gcéanna ach tá athrú tagtha ar chruth an stáisiúin.
Taistealaíonn an bealach ó dheas ón áis Páirceála agus Taistil ar tharbhealach trasna Abhainn an Mhóinéir Leathain agus Abhainn an Bharda, i ngar don dá struchtúr faoi chosaint atá sa cheantar, droichead Halla an Leasáin agus droichead Bhaile Anraí. Bhogamar an t-ailíniú anseo chun na struchtúir seo a sheachaint agus mar aitheantas ar thábhacht na hAiltireachta agus na hOidhreachta Cultúrtha. Lena sheachaint tionchar díreach a imirt ar na struchtúir seo, ar an ábhar sin, bogadh an t-ailíniú chun crios maolánach a sholáthar.
Gabhann an bealach ansin feadh Pháirc Bhaile Anraí taobh le páirceanna imeartha Fingallians agus Chumann Peile Swords Celtic. Tá comhairliúcháin ar siúl le Comhairle Contae Fhine Gall agus leis na cumainn spóirt áitiúla a úsáideann an pháirc. Aithnímid ag MetroLink an tábhacht a bhaineann leis an bhfóntas áitiúil seo agus táimid tiomanta do leanúint d’oibríochtaí na gcumann a choimeád ar siúl i rith na tréimhse tógála trí chéile. Tá plé ar siúl le gach ceann de na cumainn agus d’fhostaigh MetroLink saindearthóir páirce le déanaí a dhéanfaidh na páirceanna a athdhearadh chun go n-oirfidh siad do riachtanais chumainn spóirt áitiúla mar pháirtithe leasmhara tábhachtacha.
Tá Comhairle Contae Fhine Gall (CCFG), i gcomhar leis an Údarás Náisiúnta Iompair (an ÚNI) ag tabhairt faoi thionscnamh chun an R132 a uirbiú a chuirfidh feabhas ar shábháilteacht ar bhóithre, nascacht agus ar áiseanna do choisithe agus do rothaíocht. Beartaítear, leis seo a bhaint amach, acomhail soilse tráchta agus ina bhfuil trasrianta coisithe rialaithe a chur in ionad na dtimpeallán atá ann faoi láthair. Cuirfidh an scéim seo feabhas freisin ar áiseanna do choisithe agus do rothaíocht feadh an bhealaigh. Tá comhordú dlúth á dhéanamh ag foireann MetroLink le Comhairle Contae Fhine Gall agus an ÚNI lena chinntiú go ndéantar an dá scéim a chomhtháthú agus go soláthraítear rochtain ábhartha feadh an R132 chun forbairtí amach anseo agus riachtanais chónaitheoirí a shásamh.
Taistealaíonn an bealach ó Pháirc Bhaile Anraí ar bhonn gearrtha agus cumhdaithe faoi Thimpeallán an Inbhir laistiar den R132. Tá stráice gearrtha oscailte tríd an limistéar glas ag Bailtíní Bhaile na Mara. Trasnaíonn an bealach idir Timpealláin an Inbhir agus Bhaile na Mara, faoin R132 trí úsáid a bhaint as an modh gearrtha agus cumhdaithe lastoir den bhóthar. Taistealaíonn an bealach ar bhonn gearrtha agus cumhdaithe ag Cúirt an Inbhir agus faoi Thimpeallán Bhaile na Mara. Tá an stáisiún lonnaithe laistigh de thailte Ionad Seirbhíse Hertz na hEorpa (Hertz Europe Service Centre), atá suite go háisiúil taobh leis an acomhal idir Baile na Mara bóthar agus an R132 agus a fhreastalaíonn ar cheantair chónaithe Shoird thuaidh agus ar pháirceanna miondíola agus gnó áitiúla.
Taistealaíonn an bealach ansin lastoir den R132 chomh fada le droichead coisithe Lána an tSéipéil. Tá trasrian coisithe nua á fhorbairt mar chuid de Thionscadal Nascachta an R132 a bheidh i bhfeidhm sula mbeidh MetroLink ag feidhmiú. Beidh baint an droichid choisithe ag Lána an tSéipéil mar chuid d’oibreacha MetroLink. Beartaítear anois an modh gearrtha agus cumhdaithe a úsáid ón droichead coisithe agus faoi limistéar glas Ascaill Ashley, ansin faoi thimpeallán Mhullach Íde, arb athrú suntasach é seo ar an bhfreagairt d’aiseolas áitiúil agus táimid sásta a thabhairt le fios go raibh glacadh maith leis go háitiúil. Tuigimid go gcruthóidh tréimhse na céime tógála dúshláin anseo agus táimid ag súil leis na dúshláin seo a shárú leis an bpobal áitiúil.
Tá Stáisiún Shoird lonnaithe taobh leis an R132 agus cuid lárnach a bheidh ann de Thionscadal Nascachta an R132, a nascfaidh Ionad Siopadóireachta an Phailliúin le Forbairt Pháirc an Bharraigh a bheartaítear lastoir den R132. Beartaítear trasrian coisithe anois, a sholáthróidh ceangal leis an ionad siopadóireachta, stadanna bus agus lár baile Shoird.
Trasnaíonn 4 dhroichead coisithe an R132 faoi láthair a bhainfear fad a bheidh MetroLink á thógáil:
Bunófar trasrianta coisithe nua soilse tráchta sula mbainfear na droichid.
Tá Stáisiún Bhaile an Fhoraistéaraigh lonnaithe taobh leis an R132, díreach lastuaidh Pháirc Mhiondíola Thaobh an Aerfoirt agus i ngar d’Eastát Bhóraimhe. Tá súil leis go meallfaidh an stáisiún seo comaitéirí ó limistéar níos fairsinge, Sord Thiar, an Tobar Naofa, Mullach Íde, Faoldroim agus Cionn Sáile ina measc.
Leanfaidh an líne an R132 agus rachaidh sé faoi acomhal Lána Bhaile Naoimhín. Rachaidh sé faoin R132 ansin díreach laisteas de stáisiún Texaco agus trasnóidh sé chuig an taobh thiar agus leanfaidh sé ar aghaidh ar bhonn gearrtha i dtreo Aerfort Bhaile Átha Cliath. Tá láthair an fhostáisiúin díreach lastuaidh de Bhóthar na hAille agus suíomh seolta ionad lainseála thollán na tairsí thuaidh. Iontrálfaidh inneall tollta tolláin (TBM) an talamh laisteas d’Aerfort Bhaile Átha Cliath agus déanfaidh sé tollán gearr a tholladh ó thuaidh faoin aerfort.
Tá Stáisiún an Aerfoirt lonnaithe i gcroílár Aerfort Bhaile Átha Cliath, ag áit ina bhfuil carrchlós dromchla Chríochfort 2 faoi láthair; ní bheidh ach siúlóid ghearr le déanamh ag comaitéirí ón áit seo go Críochfort 1 agus Críochfort 2. Comhtháthófar an stáisiún leis an Ionad Iompair Talún amach anseo, ar mol mór iompair é atá curtha san áireamh sa Mháistirphlean d’Aerfort Bhaile Átha Cliath. Glacfaidh sé níos lú ná 20 nóiméad ar phaisinéirí taisteal go hAerfort Bhaile Átha Cliath ó lár na cathrach.
Tacaíonn Aerfort Bhaile Átha Cliath le 117,300 post i ngeilleagar na hÉireann, agus tá 19,200 de na poist seo fostaithe go díreach ag an aerfort agus sa limistéar timpeall air.
Tiocfaidh MetroLink amach as tollán i ndiaidh Aerfort Bhaile Átha Cliath laisteas de Sheanbhóthar an Aerfoirt. Beidh Stáisiún Bhaile an Dairdisigh amach anseo suite i gcroílár an cheantair laisteas den Aerfort, arb é sin suíomh ina bhfuil crios forbartha mór atá ar na bacáin, a bhfuil súil leis go gcruthóidh sé leibhéil mhóra de bhorradh agus d’fhostaíocht sa daonra. Osclófar an stáisiún nuair a dhéanfar forbairt bhreise ar an gceantar le tithíocht nua agus nuair a bheidh an bonneagar agus na seirbhísí gaolmhara inbhuanaithe go léir i bhfeidhm.
Tá Iosta Cothabhála agus Stórála Feithiclí MetroLink suite anois laisteas de Sheanbhóthar an Aerfoirt, arb athrú eile é seo ón méid a d’fhógraíomar níos luaithe.
Imreoidh an t-ailíniú a bheartaítear tionchar áirithe ar thailte Chumann Peile Whitehall Rangers, Chumann CLG Starlights agus Chumann CLG Na Fianna. Tá plé ar siúl go leanúnach le gach ceann de na clubanna le teacht ar fhreastal réasúnta agus táimid ag tnúth le hoibriú le gach ceann de na clubanna sna blianta amach anseo.
Tá an stáisiún lonnaithe faoi charrbhealach an R108 agus tá teacht air ón taobh thoir agus thiar den charrbhealach. Tá réimse úsáidí tráchtála, cónaithe agus miondíola sa cheantar máguaird, Páirc Mhiondíola Gulliver, ceannoifig Musgraves agus Ikea ina measc. Déanfar athfhorbairtí substainteacha sna blianta amach anseo agus beidh úsáid mheasctha ar fáil d’fhorbairtí tráchtála agus cónaithe le Lidl agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Tosaíonn croíchonair bus BusConnects ó Bhaile Munna go Lár na Cathrach ag an gCoill Thuaidh. Cosúil le háiteanna eile, croíluach don MetroLink is ea acomhal rothaíochta agus tá thart ar 400 spás páirceála á dtógáil againn do rothair anseo.
Tá an t-ionad lainseála don inneall tollta tolláin suite ag an gCoill Thuaidh ar thailte laistiar den R108. Cuireann an láthair seo teacht gan stró ar fáil ar an M50 ar mhaithe le cartadh agus dramhaíl ón tollán a iompar. Taistealaíonn an bealach ón áit seo an bealach go léir go Charlemont i dtollán tollta aonair.
Stáisiún tábhachtach é seo a fhreastalóidh ar Lár Baile nua Bhaile Munna. Tá seo lonnaithe go háisiúil faoi Sheanionad Siopadóireachta Bhaile Munna, i ngar don Phlás Cathartha atá ar na bacáin, cuireann an stáisiún teacht gan stró ar fhóntais áitiúla, an tIonad Cathartha agus Amharclann an Axis, anuas ar fhreastal ar an bpobal a bhfuil borradh mear ag teacht air sa cheantar. Tá comhordú go dlúth á dhéanamh le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath maidir lena bhforbairtí amach anseo i limistéar an tseanionaid siopadóireachta.