Mar chuid de thionscadal MetroLink, beartaítear sloc idirghabhála tolláin a thógáil laistigh de thailte Pháirc Choláiste Ailbhe. Chruthaigh láthair bheartaithe an tsloic idirghabhála cuid den eolas a cuireadh ar fáil i rith an chomhairliúcháin phoiblí neamhreachtúil maidir leis an Rogha Bealaigh in 2019.
I rith an chomhairliúcháin phoiblí, d’iarr cónaitheoirí áitiúla go gcuirfí níos mó eolais ar fáil faoin sloc idirghabhála, chun go bhféadfaidís machnamh ceart a dhéanamh ar an tionchar a d’imreodh sé ar an gceantar máguaird. Mar fhreagairt don iarraidh seo, chuir MetroLink tús leis an gcomhairliúchán limistéir áitiúil chun míniú níos mionsonraithe a thabhairt ar an bhfeidhm agus an gá atá leis an sloc idirghabhála ag Páirc Choláiste Ailbhe. Dúnadh an comhairliúchán seo Déardaoin, an 12 Márta ag 5pm.
Is mian linn a chinntiú, chomh maith, go mbíonn an chuma a bheidh ar na gnéithe os cionn na talún − an foirgneamh, rochtain, páirceáil agus teorainn − ar an gcaighdeán is airde agus go mbíonn siad íogair dá dtimpeallacht san fhóntas tábhachtach caitheamh aimsire seo. Tá d’aiseolas á lorg againn, ar an ábhar sin, ar an méid seo a leanas:
Tugtar achoimre ar an leathanach seo ar thuarascáil níos mionsonraithe, “Páirc Choláiste Ailbhe, Tuarascáil ar Shloc Idirghabhála an Tolláin”, atá ar fáil anseo. Is féidir leat cruachóip den tuarascáil a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig info@MetroLink.ie nó trí ghlaoch orainn ar Shaorghlao 1800 333 777. Is féidir leat iarraidh a sheoladh chugainn sa phost freisin chuig ár seoladh anseo.
Nuair a bhíonn an fad idir stáisiúin níos faide ná 1 chiliméadar, is gá sloc idirghabhála an tolláin a sholáthar. Is amhlaidh an cás do nasc MetroLink idir Stáisiúin Ascaill Uí Choileáin agus Pháirc Uí Ghríofa a bheartaítear. Is é an fad idir na stáisiúin seo 1,494 méadar agus, ar an ábhar sin, tá sloc idirghabhála ag láthair oiriúnach ag teastáil nach faide ná 1 chiliméadar ó cheachtar stáisiún. Is í Páirc Choláiste Ailbhe an láthair a bheartaítear don sloc idirghabhála tolláin riachtanach.
Cuireann an sloc na feidhmeanna seo a leanas ar fáil:
Beidh an sloc idirghabhála a bheartaítear lonnaithe i gcúinne thiar theas Pháirc Choláiste Ailbhe. Taispeántar a láthair bheartaithe thíos.
Fíor 2. Foirgneamh Shloc Idirghabhála an Tolláin a Bheartaítear
Beidh na nithe seo a a leanas sa suíomh críochnaithe;
Cuirfear rochtain feithiclí ar fáil amach ó Bhóthar Bhaile Munna d’fheithiclí éigeandála agus ar mhaithe le gnáthchothabháil. Cuirfear saoráidí páirceála ar fáil chun freastal ar fheithiclí seirbhísí éigeandála i gcás éigeandála nó chun go bhfreastalaíonn feithicil éigeandála ar éigeandáil, nuair is gá.
Beidh teorainn shloc idirghabhála an tolláin slán. Déanfar an limistéar críochnaithe a thírdhreachú go cuí chun go ndéantar é a chorprú isteach sa timpeallacht áitiúil.
Taispeántar íomhá ina léirítear an chuma a d’fhéadfadh bheith ar an sloc idirghabhála nuair a chríochnófar é thíos.
Léirítear leagan amach táscach de limistéar Shloc Idirghabhála an Tolláin, ina léirítear imchruth an fhoirgnimh, an bóthar rochtana agus na limistéir pháirceála a bheartaítear thíos.
Déanfaimid athbhreithniú ar an aiseolas go léir a fuarthas chun cabhrú linn ár ndearaí a thabhairt chun críche sula seolaimid ár n-iarratas pleanála ar aghaidh chuig an mBord Pleanála.Dúnadh an comhairliúchán seo Déardaoin, an 12 Márta ag 5pm.
Fuarthas 198 aighneacht ó ghrúpaí cónaitheoirí, úinéirí tí áitiúla agus páirtithe leasmhara a úsáideann an Pháirc maidir leis an gcomhairliúchán. Cé go bhfuil roinnt buarthaí ann go fóill i dtaca leis an tionchar a imreofar ar an bpáirc, ní bheidh ach 5.1% d’achar iomlán na páirce i gceist leis an sloc aeraithe agus an suíomh máguaird.
Tá na dearthóirí tiomanta don aiseolas go léir a chur san áireamh agus na tionchair a íoslaghdú i rith na gcéimeanna tógála agus oibríochtúla.
Bhain dearadh an fhoirgnimh freagairt mheasctha amach agus teastaíonn ó roinnt daoine go mbeidh an foirgneamh níos “glaise” agus “inbhuanaithe”.
Is féidir leat amharc ar chóip den aiseolas a fuarthas i rith Chomhairliúchán Poiblí Pháirc Choláiste Ailbhe anseo.