MetroLink agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna)

 

Ag obair le FBManna 

Ciallaíonn scála MetroLink agus a thábhacht do gheilleagar na hÉireann go bhfuilimid tiomanta do chur chuige cuimsitheach agus comhoibríoch a ghlacadh maidir le rannpháirtíocht sa slabhra soláthair. Ciallaíonn sé sin oibriú le comhpháirtithe agus páirtithe leasmhara de gach méid, tacú go gníomhach le FBManna, agus soláthróirí de gach méid a shainaithint go réamhghníomhach chun páirt a ghlacadh sa chlár.  


Is é ár gcuspóir a chinntiú go mbeidh ról lárnach ag gnólachtaí ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain i soláthar MetroLink, gan beann ar mhéid ná ar earnáil, agus go gcuirfidh siad go fóinteach lena rath. 

Beidh raon feidhme na hoibre a theastaíonn chun MetroLink a sholáthar an-éagsúil, rud atá ina léiriú ar scála agus castacht an chláir.


Tá MetroLink tiomanta do chomhpháirtíochtaí láidre a chothú idir FBManna, gnólachtaí áitiúla, agus ár soláthróirí Leibhéal 1 trí rochtain dhíreach ar dheiseanna conarthacha agus ar phíblínte éilimh amach anseo a chumasú go gníomhach. Áireofar leis sin laethanta ‘Buail leis an gCeannaitheoir’, agus tá sé ar intinn againn córas bróicéireachta leictreonach a úsáid.


Foilseoimid tuilleadh faisnéise faoin gcaoi ar féidir le FBManna a bheith rannpháirteach sna míonna amach romhainn. Más mian leat tú féin a choinneáil ar an eolas, cláraigh do spéis i nuacht agus nuashonruithe.

 

An chaoi a n-oibríonn ár slabhra soláthair

Tá MetroLink freagrach go príomha as seachadadh an chláir agus déanann sé maoirseacht air, ach is iad ár gconraitheoirí a sheachadfaidh oibreacha ar an talamh.


Dá réir sin, is dóichí go dtiocfaidh deiseanna chun cinn do ghnólachtaí áitiúla a bheith rannpháirteach trínár gcomhpháirtithe foirgníochta Leibhéal 1 nó Leibhéal 2.


Chun cabhrú leat tuiscint a fháil ar an áit a bhféadfadh do ghnó a bheith laistigh den tsamhail seachadta níos leithne, léiríonn an léaráid thíos struchtúr ár slabhra soláthair agus na leibhéil éagsúla rannpháirtíochta. 

Diagram depicting supply chain tiers 1 to 5.

Treoir an tSlabhra Soláthair 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi chlár MetroLink agus faoin amlíne seachadta a ghabhann leis, cliceáil anseo chun féachaint ar “Treoir an tSoláthróra” dár gcuid. 


Soláthraíonn an doiciméad seo treoir phraiticiúil do ghnólachtaí, gan beann ar a ról nó a scála laistigh den slabhra soláthair, maidir le conas iad féin a ullmhú agus seasamh chun leas a bhaint as deiseanna atá ar na bacáin. 


Leagtar amach sa treoir freisin spriocanna straitéiseacha agus cuspóirí soláthair MetroLink agus tugtar isteach pacáistí oibre foirgníochta Leibhéal 1. 

 

An chaoi a n-oibrímid leis an Margadh 

Táimid ag cur tús le himeachtaí Rannpháirtíochta Margaidh, lena n-áireofar imeachtaí i mBaile Átha Cliath agus ar fud na hEorpa. Chun tuilleadh eolais a fháil cliceáil anseo.