Leagtar amach thíos forbhreathnú ar na deiseanna agus ar na pacáistí oibre sainithe atá beartaithe chun tacú le príomh-chomhpháirteanna bonneagair MetroLink a sheachadadh maille le naisc chuig príomhdhoiciméid agus faisnéis soláthair.
Cliceáil ar na cnaipí thíos chun tuilleadh eolais a fháil faoi gach pacáiste:
Úsáideann MetroLink tairseach Ríomhthairisceana chun deiseanna a fhógairt, cliceáil anseo.
Postálaimid freisin Nuacht Soláthair MetroLink agus an Nuacht is Déanaí anseo.
Sheol Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) Fógra Faisnéise Tréimhsiúil (PIN) an 19 Bealtaine 2025 do chlár Oibreacha Cumasúcháin MetroLink.
Tá na hOibreacha Cumasúcháin deartha chun bealach a réiteach do na príomhchonarthaí oibreacha bonneagair. Cinnteofar leis an gcur chuige sin go mbeidh limistéir an láithreáin saor ó rioscaí amhail fóntais atá ann cheana, earraí seandálaíochta nó oidhreachta (lena stóráil/lena n-athsholáthar) agus foirgnimh ina bhfuil suíomhanna stáisiúin faoi láthair etc. a mhéid is féidir.
Is éard atá i gceist leis an gclár Oibreacha Cumasúcháin sraith creat-chomhaontuithe agus córais cháilíochta a bhunú chun soláthar oibreacha cumasúcháin a éascú a thosóidh roimh na príomhchonarthaí oibreacha bonneagair (innealtóireacht shibhialta, tollánú agus stáisiúin).
Chun na hOibreacha Cumasúcháin agus Réamhoibreacha le haghaidh MetroLink a sholáthar, tá sé beartaithe ag BIÉ trí chreat-chomhaontú ilpháirtí a bhunú, mar aon le dhá chóras cáilíochta mar a thaispeántar thíos;
Tá conarthaí ar glao á bhforbairt faoi láthair le haghaidh gach ceann de na creataí agus de na córais cháilíochta sin agus soláthrófar iad de réir mar atá sceidealaithe i rith shaolré Chlár MetroLink.
Tá an clár Oibreacha Cumasúcháin á sholáthar trí nósanna imeachta lena gcuimseofar eisiúint Fógra Conartha agus eisiúint doiciméad réamhcháiliúcháin le haghaidh na gcreataí agus trí cheistneoirí an chórais cáilíochta le haghaidh na gcóras cáilíochta.
Ní dhéanfar conarthaí ar glao a dhámhachtain faoi na creataí agus na córais cháilíochta go dtí go mbeidh Ordú Iarnróid i bhfeidhm, agus go mbeidh Geata Formheasa 2 bainte amach i gcomhréir le Treoirlínte Bonneagair arna bhfoilsiú ag an rialtas.
Creat Oibreacha Cumasúcháin agus Oibreacha Oidhreachta Speisialtóra
Creat Fóntas
Creat Oibreacha Cumasúcháin Sibhialta
Córas Cáilíochta Seandálaíochta
Córas Cáilíochta Suirbhéireachta agus Faireacháin Neamhspleách
Suíomh Gréasáin na Ríomhthairisceana
Nuacht Soláthair MetroLink agus an Nuacht is Déanaí
Le dhá chonradh M400 soláthrófar dearadh agus forbairt tollán, stáisiún agus struchtúr meitreo, rianta, seaftaí, crosairí abhann agus bóthair, oibreacha dromchla agus oibreacha sibhialta eile. Táthar ag súil go gcuimseofar an méid seo a leanas le raon feidhme gach ceann de na conarthaí bonneagair shibhialta M400:
Cuid ó Dheas M401 – Charlemont go dtí an Choill Thuaidh:
• Tolláin agus tairseacha tollta, seaftaí aslonnaithe/idirghabhála.
• Tochailtí stáisiúin faoi thalún ag Charlemont, Faiche Stiabhna, Sráid Uí Chonaill, An Mater, Glas Naíon, Páirc Uí Ghríofa, Ascaill Uí Choileáin, Baile Munna, An Choill Thuaidh suas le 35 m ar doimhneacht (struchtúir bhlaoscacha agus croí-struchtúir).
Cuid Thuaidh M402 - An Choill Thuaidh go dtí an tInbhear:
• Tarbhealach M50, bealach dromchla (gearradh coinnithe, gearrtha agus cumhdaithe) agus codanna comhréidhe.
• Saoráid Páirceála agus Taistil Stáisiún an Inbhir (oll-chréfoirt agus ullmhú láithreáin).
• Suíomh Iosta Bhaile an Dairdisigh agus bóthar rochtana a ullmhú.
• Tolláin agus tairseacha tollta, seaftaí aslonnaithe/idirghabhála.
• Stáisiúin agus lóistíocht ghaolmhar lena n-áirítear Baile an Dairdisigh, Aerfort Bhaile Átha Cliath, Baile an Fhoraistéaraigh, Lár Shord, Baile na Mara agus An tInbhear.
Lena gcuimsítear dearadh agus seachadadh córas iarnróid, rothstoic, coimisiúnaithe, iosta, saoráide páirceála agus taistil agus feistiú gach stáisiúin lena n-áirítear córais ghluaiseachta meicniúla, leictreacha agus paisinéirí agus oibriú agus cothabháil chomhtháite na seirbhíse poiblí iompair do phaisinéirí.